Lúcás 10:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Tá rígheacht Dé buailte libh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) leigheasaigí a bhfuil breoite ann agus abraigí leo, ‘Tá ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus leigheasaigidh na daoine breoidhte a bhíos inntí, agus abraigidh leo: Tá ríoghacht Dé i ngaobhar díbh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achomaireacht daoibh.’ An Bíobla Naofa 1981 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’ |
As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.
Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é?
Agus chuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.
Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh:
Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach biodh fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht.
Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.
Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.
Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.
Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an slánú so ó Dhia d’á chur ag triall ar na Geintibh, agus éistfid siad leis.
Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.