Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach biodh fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 ‘Táimid ag baint dínn go fiú deannaigh bhur mbaile a ghreamaíos dár gcosa mar chomhartha in bhur n‑éadan; ní fhágann sin nach dtugaimid le fios daoibh go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Fiú an dusta ó bhur gcathair a ghreamuigh dínn, glanamuid dínn é i bhur n-aghaidh; acht bíodh a fhios seo agaibh, go bhfuil ríoghacht Dé i ngaobhar díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:11
16 Tagairtí Cros  

Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann.


Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh:


Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Tá rígheacht Dé buailte libh.


Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.


A fheara, a bhráithre, a shliocht sleachta Ábrahaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is ag triall oraibhse do cuireadh briathar an tslánuighthe seo!


Seachnaidh, d’á bhrígh sin, san a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh:


Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte.


Agus dheineadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n-a gcoinnibh agus thánadar go h-Icónium.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí