Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

An té a éisteas libh-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a bheir tarcuisne díbh-se, bheir sé tarcuisne damh-sa. Agus an té a bheir tarcuisne damh-sa, bheir sé tarcuisne do’n té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil



Lúcás 10:16
17 Tagairtí Cros  

An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me.


Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.


Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é.


Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.


Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé.


An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach.


Go deimhin, deimhin, adeirim libh: An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.


Nár leat féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é ná raibh sé ar do chumas féin? Cad chuige dhuit an nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá bréag innste agat ach do Dhia.