Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 “An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i mʼainmse is liom a ghlacann sé;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus cibé a ghlacfas aon leanbh mar seo i m’ainm-se, glacann sé mise.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus cibé duine ghlacfas chuige aon leanbh beag amháin d’á leithéid seo im’ ainm‐se,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán da leithid so am ainmsi gabhuidh sé misi chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm, glacann sé mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:5
12 Tagairtí Cros  

An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas.


Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó.


Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é.


Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.


Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.


Go deimhin, deimhin, adeirim libh: An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí