Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 ach an té a thugas ábhar peaca dʼaon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, bʼfhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht an té a bhéarfas scainneal d’aoinneach de na rudaí beaga seo a chreideas ionnam-sa, b’fheárr dó dá gcrochtaí bró asail fá n-a mhuinéal, agus a bháthadh i nduibheagán na fairrge.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 glacann sé mise: acht cibé duine thiubhras scannal d’aoinneach de na rudaibh beaga so chreideas ionnam‐sa, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch mhór muilinn ar a mhuineál, agus go mbádhfaidhe é i ndoimneacht na fairrge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:6
16 Tagairtí Cros  

Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san.


Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.


Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh ’ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n-ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh,


Agus dubhairt seisean: Cia h-é thu, a Thighearna? agus eisean: Mise Íosa ’na bhfuilirse am ghéarleanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí