Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á dhruím.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 “Is mairg don domhan faoi na cathuithe! Mar ní féidir nach dtiocfaidh na cathuithe, ach is mairg don duine a dtagann na cathuithe tríd!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Is mairg do’n domhan mar gheall ar na scainnéil. Óir is éigean do na scainnéil a theacht; cidheadh is mairg do’n duine sin a dtig an scainneal tríd.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Is mairgneach don domhan ar son oilbheimeann! oir is éigin do na hoilbhéimeannaibh teachd; achd cheana is anáoibhin do duine tré a dtig an toilbhéim!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:7
30 Tagairtí Cros  

Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.


Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Ach nuair a dh’aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé au deire fós é.


Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad.


An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir.


A fheara, a bhráithre, ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an Spioraid Naomh tré bhéal Dáibhid i dtaobh Iúdáis, an fear a threóruigh an mhuinntir a ghaibh Íosa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí