Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus más ábhar peaca duit do lámh nó do chos, gearr díot agus caith uait í; is fearr duit dul go tír na mbeo ar leathláimh nó ar leathchois ná bheith do do chaitheamh isteach sa tine shíoraí agus dhá láimh agus dhá chois ort.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus má bheir do lámh, nó do chos, scainneal duit, geárr díot, agus caith uait í. Is feárr duit dul isteach san bheatha ciothramach nó bacach, ná dhá láimh nó dhá chois a bheith ort, agus tú do theilgean isteach san teinidh shíorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd má bheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr dhiót, agus teilg uaít íad: is fear dhuit dul a sdeach do bheathaidh bacach díbhallach, ná dhá láimh agus dhá chois do bheíth agad agus do theilgean ann sa teinidh shiórruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:8
22 Tagairtí Cros  

Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.


Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.


Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí