Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart dʼaicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Le linn loruaidh, rí Iudaia, bhí sagart áirithe ann darbh ainm Sacaire, de sheal Abia, agus ba de shliocht Aaroin a bhean, agus Elisabet ab ainm dí.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Le linn loruaith, rí Iúdaea, do bhí sagart áirithe darbh ainm Sacharias, de roinn Abia: agus do bhí bean de shliocht Aaróin aige, agus Elisabet ab ainm dí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zacairiá, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:5
7 Tagairtí Cros  

Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:


Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;


Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí: