Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”
Seanfhocal 3:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: |
Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”
Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.
Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht;
Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.
Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
“Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn, tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroí agus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan
Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,
Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.
Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.
bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.
“Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n‑aigne iad,”