Seanfhocal 10:12 - An Bíobla Naofa 1981 Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dúisgidh an fúath imreasuin: acht folchuidh an grádh na huile chionta. |
An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.
Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.
Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?
bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc.