Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Rut 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: “Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,” agus tháinig sé agus shuigh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An sin do chúaidh Boas súas chum an gheata, agus do shuigh sé síos annsin: agus, féach, tháinic an brathair air ar labhair Boas, re na tháobh; a dubhairt seision ris, Hó, thusa! gabh a leith, suigh síos ann so. Agus do tháinic seision, agus do shuigh sé síos.

Féach an chaibidil



Rut 4:1
21 Tagairtí Cros  

Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.


Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach.


Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach:


D'éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: “Cén chathair arb as duit?” D'fhreagraíodh seisean: “As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.”


Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.


Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,


Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?


Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.


Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.


Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.


Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t‑airgead sa mheá.


Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.


“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”


“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.


tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.


ansin ní foláir dá athair agus dá mháthair greim a bhreith air agus é a thabhairt amach go seanóirí na cathrach ag geataí na háite ina mbíonn cónaí air,


Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: ‘Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.’


Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.


Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat.


D'fhreagair sise: “Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.”