Amos 5 - An Bíobla Naofa 1981Caoineadh do Iosrael 1 Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael: 2 Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos. 3 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: An chathair a raibh míle saighdiúir aici ní fhágfar ach céad aici; agus an chathair a raibh céad aici ní fhágfar aici ach deichniúr. Gríosú agus Bagairt 4 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú; 5 ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní. 6 Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael. 7 [Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár; 8 Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó. 9 Teilgeann sé léirscrios ar an dún, sa chruth go gcreachtar an daingean, 10 ar fuath leo an fear a chuireann ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne. 11 Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon. 12 Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata. 13 Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann. 14 Iarraigí an mhaith in áit an oilc, ionas go mairfidh sibh, agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre mar a mhaíonn sibh atá sé. 15 Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef. Mairgí 16 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.” Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t‑aos caointe chun olagóin, 17 agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna. 18 Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas; 19 mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air. 20 Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas, nach duibheagán é gan dealán ar bith ann? 21 Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta. 22 Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith. 23 Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán; ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna. 24 Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce agus an t‑ionracas mar shruth gan dísc! 25 Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael? 26 Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí, agus Cíován bhur ndia a iompar, íomhánna a rinne sibh daoibh féin. 27 Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc, a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart