Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do thuit maighdion Israel; ní éireocha sí ní is mó: do tréigeadh í air a dúthaigh; ní bhfuil duine ar bioth dá tógbháil súas.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 5:2
27 Tagairtí Cros  

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.


Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhac i gcúiteamh ar mhírún a n‑athar. Ná héirídís go deo arís chun an domhan a ghabháil ina seilbh, chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.


Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann, tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann; is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí, titeann sé gan éirí i ndán dó.


Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.


Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne: Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat, an mhaighdean, iníon Shíón; craitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.


a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:


“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.


“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.


a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’


Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.


Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine; déantar fásach den dúiche ar fad; scriostar mo bhothanna go tobann, mo dhídean, in imeacht nóiméid.


Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”


á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.


“Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna: Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís? má théann tú amú, nach bhféadann tú fílleadh athuair?


Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.


An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu? - is é an Tiarna a labhraíonn - an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?


Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.


Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.


An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.


“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí