Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Rut 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Pósadh Rut ar na chriochnughadh. 13 Do rugadh Obed lé, noch do bá sheanathar do Dhaibhidh an rí.

1 An sin do chúaidh Boas súas chum an gheata, agus do shuigh sé síos annsin: agus, féach, tháinic an brathair air ar labhair Boas, re na tháobh; a dubhairt seision ris, Hó, thusa! gabh a leith, suigh síos ann so. Agus do tháinic seision, agus do shuigh sé síos.

2 Agus do ghoir sé deich fir do shinnsearuibh na caithreach, agus a dubhairt, Suighidh síos annso. Agus do shuigheadar síos.

3 Agus a dubhairt seision ris an mbrathair gáoil, Atá Naomi, noch do fhill a rís as ttír Mhoab, ag reic fóidín dúithche, bá lé ar mbrathair Elimelech:

4 Agus do smúain misi a innsin duitsi, gha rádh, Ceannuigh é a lathair na náitreabhachso, agus a lathair shinsior mo phobuil. Má fhúasglann tú é, fuasguil é: achd muna bhfúasgla tú é, annsin innis damhsa, go mbía a fhios agum: óir ní bhfuil éanduine ré a fhuasgladh achd tusa; agus atáimsi ad dhíaigh. Agus a dubhairt seision, Fuaisgeola misi é.

5 Ann sin a dubhairt Boas, Gidh bé lá cheinneochus tú an fearann as láimh Noami, caithfidh tú mar an gcéadna a cheannach o Rút an Moabiteach, bean an mhairbh, do thógbháil anma an mhairbh súas ar a oíghreachd.

6 ¶ Agus a dubhairt an brathaír, Ni fhéaduimsi a fhúasgladh dhamh féin, deagla go millfinn moighreachd féin: fuásguilsi mo cheartsa dhuit féin; óir ní féaduimsi a fhúasgladh.

7 Anois ba é so fa ghnáth san tseanaimsir ann Israel a ttáobh fhúasgalta agus a ttáobh malairte, do dhaingniughadh a nuile neithe; do bheanadh duine a bhróg dhe, agus do bheireadh dá chomharsuinn í; agus bá fíadhnuísi so ann Israel.

8 Uime sin a dubhairt an fear gáoil re Boas, Ceannuigh dhuit feín é. Már sin do tharruing sé a bhróg dhe.

9 ¶ Agus a dubhairt Boas ris na sinnsearuibh, agus ris an bpobal uile, As fiadhnuisi sibhsi a niugh, gur cheannuigh misi a nuile ní ba le Elimelech, agus an mhéid ba lé Chílion agus le Mahlon, as láimh Naomi.

10 Mar an gcéadna do cheannuigh mé Rút an Moabiteach, bean Mhahlon mar mhnáoi dhamh feín, do thógbháil anma an mhaírbh súas iona oighreachd, ionnus nach gearrfuidhe ainm an mhairbh amach ó na dhearbhraithribh, agus ó gheata a ionaid: is fiaghnuise sibhsi san ló a niugh.

11 Agus a dubhradar, a raibh do dhaóinibh annsa gheata, agus na seanóirigh, Is fiadhnuisi. Go ndéarna an TIGHEARNA an bean tháinic dot thigh cosmhuil re Ráchel agus re Leah, noch is iad an días sin do chuir súas tigh Israel: agus déanasa go mórdha ann Ephrátah, agus bí oirdheirc a Mbetlehem.

12 Agus bíodh do thigh amhuil tigh Pháres, (noch rug Támar do Iudah), don tsliochd do bhéara an TIGHEARNA dhuit ón mhnáoi oígsi.

13 ¶ Marsin thug Boas Rút, agus do bhi ná mnáoi aige, agus a núair do bhí sé aice, thug an TIGHEARNA toirrchios di, agus rug sí mac.

14 Agus a dubhradar na mná ré Naomi, go madh beannuigh an TIGHEARNA, nach ar fhág thusa a niugh, gan bhrathair gáoil, chor go mbía a ainm oirdheirc a Nisrael.

15 Agus biáidh sé na fhear aisig ar do sháoghal, agus na altruinn dot aóis fhoirfe: óir si do inghean‐chliamhuin do rug é, noch do ghrádhuigh thusa, noch is fearr dhuitsi ná móirsheisior mac.

16 Agus do ghlac Naomi an leanamh, agus do chuir ann a brollach é, agus do bhí sí na banaltruinn aige.

17 Agus tugadar na mná a comharsanna ainm air, ga rádh, Rugadh mac do Naomi, agus tugadar Obed dainm air: sé sin athair Iesse athair Dháibhi.

18 ¶ Anois is íad so Ginealuigh Phares: do ghin Phares Hesron,

19 Agus do ghin Hesron Ram, agus do ghin Ram Aminadab,

20 Agus do ghin Aminadab Naason, agus do ghin Naason Salmon,

21 Agus do ghin Salmon Boas, agus do ghin Boas Obed,

22 Agus do ghin Obed Iesse, agus do ghin Iesse Dáibhi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí