Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ansin rinne sé deichniúr de sheanóirí na cathrach a thoghadh agus dúirt leo: “Suígí síos anseo,” agus shuíodar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do ghoir sé deich fir do shinnsearuibh na caithreach, agus a dubhairt, Suighidh síos annso. Agus do shuigheadar síos.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 4:2
9 Tagairtí Cros  

Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.


Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.


Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.


Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó agus tá an t‑aos óg tar éis éirí as an gceol.


Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.


Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: ‘Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.’


Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia - taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,


“Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d'fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí