Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 15:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 D'éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: “Cén chathair arb as duit?” D'fhreagraíodh seisean: “As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus déirgheadh Absolon súas go moch, agus do sheasadh láimh ré slighe an gheata: agus is amhluidh bhí, gach duine agá mbíodh adhbhar imreasuin a núair do thigeadh chum an rígh dfagháil breitheamhnuis, annsin do ghoireadh Absolon air, agus a deiriodh sé, Cía an chathair dar di thusa? agus a deiriodh seision, Is do threabhaibh Israel do sherbhíseach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:2
13 Tagairtí Cros  

Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach:


Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d'óige go dtí seo.”


“Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”


Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. Téann an gadaí timpeall san oíche,


Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: “Cad chuige an t‑ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b'áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?”


Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.”


Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.


Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;


Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.


“Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,


Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: “Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,” agus tháinig sé agus shuigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí