Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.”
Nihimiá 6:9 - An Bíobla Naofa 1981 Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuireadar uile eagla oruinn, gha rádh, Laigeochtar a lámha ó nobair, chor nach déantar í. Anois ar nadhbharsin ó a Dhía neartuigh mo lámha. |
Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.”
Liúigh siad na nithe sin in ard a ngutha i dteanga Iúdá le pobal Iarúsailéim ar na ballaí d'fhonn iad a bhuaireamh agus eagla a chur orthu, agus go ngabhfaidís an chathair ar an tslí sin.
Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.
Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí, is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.
Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia!
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.
ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.
Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.