Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 30:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do bhí Dáibhi lán do dhóbrón; óir do luáigheadar na daoine gabháil do chlochuibh air, do bhrígh go raibh ínntinn na ndaóine uile doilghiosach, gach eanduine ar son a mhac agus ar son a inghean: ach do ghabh Dáibhi meisneach chuige féin ann a THIGHEARNA Día.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 30:6
51 Tagairtí Cros  

Bhuail eagla agus corrabhuais mhór Iacób agus roinn sé an mhuintir a bhí fairis agus a thréada agus a tháinte agus a chamaill ina dhá mbaicle


Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.


Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”


Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.


Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé: “Tá mé buartha go mór.”


D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m'anama.


Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,


Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé, chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.


Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite agus beir mé slán ón anacair.


Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.


Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile; caomhnaíonn sé na dílsigh. Ach díolann sé an comhar go hiomlán le lucht an díomais.


Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.


Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.


As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,


Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.


Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár; is áil leo an t‑éitheach. Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor agus an mhallacht ina gcroí. Selah


Fuascail mé as láimh an urchóidigh, as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.


Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.


Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”


Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.


Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, mar a leanas:


Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael.


agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”


Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”


Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.


Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.”


Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin.


Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;


Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.


Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”


D'fhreagair muintir Dhán: “Ná bíodh focal eile le clos againn uait le heagla go dtiocfadh fearg ar dhaoine leat agus tabhairt fút, agus go gcaillfí thú féin agus go gcaillfí do theaghlach uile chomh maith.”


D'imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d'fhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.”


Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.


Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé.


Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí