A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.
Matha 8:24 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd doineann mhór ag éirí ar an muir, i dtreo go raibh na tonnta ag líonadh an bháid; ach bhí sé féin ina chodladh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an fhairrge, san chruth go raibh an bád dá múchadh ag na tonnaí: acht bhí seisean ina chodladh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an bhfairrge, i dtreo go raibh an bád d’á mhúchadh fá na tonnaibh: acht do bhí seisean ’n‐a chodladh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. Ach bhí seisean ’n-a chodla. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád dá múchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. |
A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.
Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!”
Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol.
agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”