Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
Matha 8:15 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus dʼfhág an fiabhras í, agus dʼéirigh sí aníos go ndearna freastal air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rug sé ar láimh léi, agus d’imthigh an fhiabhras dí; agus d’éirigh sí agus rinne freastal ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé a lámh uirthi, agus d’imthigh an fiabhras dí: agus d’éirigh sí, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé a lámh ar a láimh, dʼfhág an fiabhras í, mʼéirigh sí agus rinne sí freastal air. |
Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: “Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d'urchóid clúdaithe.”
agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.
Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.
Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,
Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.
Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,
Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.”
Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.
Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!”