Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 13:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus tárla, mar do bhadar ag adhlacadh duine, féuch, go bhfacadar buidhean aca; agus do theilgeadar an duine a ttuama Elisa: agus a nuáir do léigeadh an tóglach síos, agus do bhean sé re cnámhuibh Elisa, do aithbhéoghuidh sé, agus do sheas sé súas ar a chosuibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 13:21
11 Tagairtí Cros  

Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.


Ansin d'éirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n‑uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus d'oscail sé a shúile.


Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.


Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”


Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana - nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.


ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d'fhágadh na galair iad agus d'imíodh na spioraid mhallaithe astu.


sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.


Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí