2 Ríthe 13 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Do bhuaghaidh Iehoas mac Iehoahas ri Israel, ar na Sirianchuibh go minic. 1 Annsa treas blíadhain fithchiod do Ioas mac Ahasiah rígh Iúdah do thosuigh Iehoahas mac Iehu a ríghe ós cionn Israel a Samária, agus do bhí na rígh seachd mblíadhna déug. 2 Agus do rinne sé an ní budh olc a radharc an TIGHEARNA, agus do lean sé peacadh Ieroboam mhic Nébat, noch thug ar Israel peacughadh; níor dhealuigh sé ris sin. 3 ¶ Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do thoirbhir iad a láimh. Hasael rígh na Síria, agus a láimh Bhen hadad mhic Hasael, ar feadh a láetheadh uile. 4 Agus do ghuidh Iehoahas an TIGHEARNA, agus déist an TIGHEARNA ris: oír do chonnairc sé comhmbuáidhreadh Israel, do bhrígh gur sháruigh rígh na Síria íad. 5 Agus thug an TIGHEARNA fear tárthála do Israel, ionnus go ndeachadar amach ó bheith fáoi láimh na Sírianach: agus do aítreabhadar clann Israel iona ttighthibh, mar do bhádar roimhe. 6 Gidheadh níor dhealuigheadar re peacadh thighe Ieroboam, noch thug ar Israel peacughadh, achd do shiubhluigheadar ann: agus do bhí an garrán fós a Samária. 7 Agus níor fhág sé don phobal ag Iehoahas achd cáogad marcach, agus deich ccarbuid, agus deich míle coisighe; óir do mharbh rígh na Síria íad, agus do rinne íad amhuil luaithreadh re búaladh. 8 ¶ Anois an chuid oile do ghniómhuibh Iehoahas, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 9 Agus do choduil Iehoahas a bhfochair a aithreadh; agus do adhlaiceadar é a Samária; agus do ríoghaidh Ioas a mhac iona áit. 10 ¶ Annsa seachdmhadh blíadhuin déug ar fhithchid do Ioas rígh Iúdah do thosuigh Iehoas mac Iehoahas a ríghe ós cionn Israel a Samaria, agus do ríoghaidh sé blíadhna déug. 11 Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA; níor léig sé dhe peacuidh Ieroboam mhic Nebat uile, noch thug ar Israel peacughadh: achd do shiubhail sé ionnta. 12 Agus an chuid oile do ghníomhuibh Ioas, agus a ndéarna sé uile, agus a neart ler throid se a naghaidh Amasiah rígh Iúdah, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 13 Agus do choduil Ioas a bhfochair a aithreadh; agus do shuigh Ieroboam iona chathaoir ríogha: agus do hadhlaiceadh Ioas a Samária a bhfochair ríogh Israel. 14 ¶ Anois do ghlac tinneas Elisa don tinneas dá bfuáir sé bás. Agus tháinic Ioas rígh Israel síos chuige, agus do ghuil ós a chionn, agus a dubhairt, O mathair, mathair, carbad Israel, agus a mharcshlúagh. 15 Agus a dubhairt Elisa ris, Glac bogha agus soighde. Agus do ghlac sé bogha agus soighde. 16 Agus a dubhaírt sé ré rígh Israel, Cuir do lamh ar do bhogha. Agus do chuir se á lámh air: agus do chuir Elisa a lámh ar láimh an rígh. 17 Agus a dubhairt sé, Foscuil an nfuinnéog don leath shoir. Agus dfoscuil sé í. Annsin a dubhairt Elisa, Caith. Agus do chaith seision. Agus a dubhaírt sé, Soighead sháortha an TIGHEARNA, agus soigheadh na tárthala ó Shiria: óir buailfidh tusa na Sírianuigh ann Aphec, no go scroiosfuidh tú íad. 18 Agus a dubhairt sé, Glac na soighde. Agus do ghlac sé íad. Agus a dubhairt sé ré rígh Israel, Buail ar an ttalumh. Agus do bhuail sé trí huáire, agus do sdad sé. 19 Agus do bhí óglach Dé feargach ris, agus a dubhairt sé, Budh chóir dhuit a bhualadh a cúig no a sé huáiribh; annsin do bhuáilfá Síria nó go scriostá í: a nait nach mbuáilfidh tú anois Síria achd trí huáire. 20 ¶ Agus déug Elisa, agus do adhlaiceadar é. Agus do ionnsuigheadar buidhne na Moabiteach an tír ar theachd a steach na blíadhna. 21 Agus tárla, mar do bhadar ag adhlacadh duine, féuch, go bhfacadar buidhean aca; agus do theilgeadar an duine a ttuama Elisa: agus a nuáir do léigeadh an tóglach síos, agus do bhean sé re cnámhuibh Elisa, do aithbhéoghuidh sé, agus do sheas sé súas ar a chosuibh. 22 ¶ Acht do bhrúigh Hasael rígh na Síria Israel ar feadh laethé Iehoahas. 23 Agus do bhí an TIGHEARNA grásamhuil dóibh, agus do ghabh truáighe dhóibh é, agus do bhí meas aige orra, do bhrígh a chunnartha ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor bháill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úadh as a lathair fós. 24 Annsin fúair Hasael rígh na Síria bás; agus do ríoghaidh Ben‐hadad a mhac íona áit. 25 Agus do bhean Ioas mac Iehoahas a rís as láimh Bhen‐hadad mhic Hasael na caithreacha, do bhean seision as láimh Iehoahas a athair le cogadh. Do bhuail Ioas é trí huáire, agus do bhean sé caithreacha Israel de. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society