Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Íseáia 6 - An Bíobla Naofa 1981


Leabhar Ímeánuéil Gairm Íseáia

1 An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:

2 bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.

3 Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”

4 Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.

5 Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

6 Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.

7 Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: “Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d'urchóid clúdaithe.”

8 Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: “Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?” D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”

9 Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.

10 Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”

11 Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,

12 agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as. Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,

13 agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí