Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Matha 8:12 - An Bíobla Naofa 1981 ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” |
Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí. Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí, agus ag olagón le hanbhuain anama.
Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,
agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
“Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.
agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.
Is sibhse oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n‑aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliochtsa.’
Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;
Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.
Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.