Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 6:21 - An Bíobla Naofa 1981

Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar cibé áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir mar a mbíonn do stór, is ann a bhíos do chroidhe fosta.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

óir, cibé áit ’n‐a bhfuil do stór, is ann bhéas do chroidhe mar an gcéadna.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir, an áit ’n-a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.

Féach an chaibidil



Matha 6:21
14 Tagairtí Cros  

Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha.


Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.


Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?


“Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar.


Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.


Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.


Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.


Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d'anam féin mar fhiacha agam ort.


Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.


Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.