Matha 6:20 - An Bíobla Naofa 198120 Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)20 ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara20 Acht taiscigidh stór díbh féin ar neamh, mar nach n-itheann an mheirg ná an léadhmán, agus mar nach dtochlann agus nach ngoideann gadaidhthe. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 acht soláthruighidh stór ar neamh, an áit nach mbíonn an leamhan agus an mheirg ag milleadh, agus nach mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201220 Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach dá ghoid. Féach an chaibidil |