Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 acht soláthruighidh stór ar neamh, an áit nach mbíonn an leamhan agus an mheirg ag milleadh, agus nach mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Acht taiscigidh stór díbh féin ar neamh, mar nach n-itheann an mheirg ná an léadhmán, agus mar nach dtochlann agus nach ngoideann gadaidhthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach dá ghoid.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:20
14 Tagairtí Cros  

Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Ná soláthruighidh stór daoibh féin ar an talamh so, mar a milleann an leamhan agus an mheirg é, agus mar a mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid:


Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.


Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.


Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:


ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh.


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


g‐á mheas gur mó dob’ fhearr masla Chríost mar shaidhbhreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do bhí sé ag súil leis an luach saothair.


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


chum oidhreachta neamh‐thruaillighthe, gan smál, nach dtéigheann i n‐éag, atá i n‐áirithe ins na flaitheasaibh daoibh‐se,


Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.


Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí