Matha 5:45 - An Bíobla Naofa 1981 sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go raibh sibh i bhur gcloinn ag bhur n-Athair atá ar neamh: an té a bheir ar a ghréin éirghe ar dheagh dhaoine agus ar dhroch-dhaoine, agus a chuireas fearthainn chuig daoine córa agus chuig éagcóraigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go mbeith sibh bhur gcloinn ag bhur Nathair féin atá air neamh: óir do bheir seisean fa deara go néirghean a ghrían air na droch dhaoínibh agus air na deagh dhaóinibh, agus do ní sé fearthuinn air na firéunachaibh agus air na neimhfhiréunchuibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar Neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhí-chóir. |
Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.
As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.”
ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d'áthas.”
Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.