Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 5:33 - An Bíobla Naofa 1981

“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Mar an gcéadna, chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: Ná tabhair mionna bréige: acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Do‐chualabhar, leis, go ndubharthas i n‐allód, Ná tabhair mionna éithigh, acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do’n Tighearna é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomh-líonadh don Tiarna.’

Féach an chaibidil



Matha 5:33
15 Tagairtí Cros  

Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde.


Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit.


Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.


Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.


“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’


“Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’


Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.


Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh.


Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsaid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.


do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin