Salm 76 - An Bíobla Naofa 1981Altú Buíochais as ucht Bua a Bhreith 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán. 2 Tá aithne ar Dhia in Iúdá; tá a ainm in airde in Iosrael. 3 I Sailéim atá a bhoth agus i Síón a áras cónaithe. 4 Is ann a bhris sé na saigheada lonracha - an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah 5 Is solasmhar maorga thú, a Thiarna; is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí]. 6 Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca. 7 A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra. 8 Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d'éadan; nuair a bhíonn racht róbhuile ort? 9 Nuair a thug tú breithiúnas ó neamh ghabh critheagla an talamh agus thost sé. 10 Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah 11 Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit. 12 Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia - 12 an té a bhaineann an t‑anam as taoisigh gur uafásach le ríthe na cruinne é. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart