Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Matha 5:14 - An Bíobla Naofa 1981 Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is síbh-se solus an domhain. Ní féidir cathair atá suidhte ar shliabh d’fholach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is sibh‐se solas an domhain. Cathair atá ar chnoc ní féidir a cheilt. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is sibh-se solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. |
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird.
Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.” Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas?
Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn.
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.
Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.