Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 4:22 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Dʼfhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha agus a n-athair annsin, agus lean siad é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfagbháil an bhaíd agus a nathar dhóibhsean, do leanadar é.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n-athair, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼfhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil



Matha 4:22
10 Tagairtí Cros  

“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;


Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.


Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.


D'fhág siad a n‑athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.


“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.


As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.