Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 23:7 - An Bíobla Naofa 1981

agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus daoine, Rabbi, a thabhairt ortha.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus fáiltighe dfagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm, Rábbi, Rabbi, dhióbh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus go mbeifear ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifear ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil



Matha 23:7
19 Tagairtí Cros  

“Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe


Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.


D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”


Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.


Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”


Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann fígí ar ar chuir tú do mhallacht, féach! tá sé seargtha.”


Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,


Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é.


Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir,” ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” -


“Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.


D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”


“A Mháire,” arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!”


Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”


Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”


Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”


Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”


D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”