Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 11:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Dúirt na deisceabail leis, “A Rabbí, is gairid ó bhí na Giudaigh ag iarraidh bás a imirt ort le clocha, agus an bhfuil sé fút dul ann arís?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Deir na deisciobail leis: A Rabbi, is anois féin a bhí faoi na h-Iúdaigh gabháil do chlocha ionnat, agus an bhfuil tú ag dul annsin arís?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Adubhairt na deisceabail leis, A Rabbí, do bhí na h‐Iúdaigh ag iarraidh gabháil de chlochaibh ort le déidheannaighe; agus an ag dul annsin arís atáir?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 A dubhradar a dheisciobail ris, A Mhaighisdir, a nois diárradar na Iúdaidhe gabháil do clochuibh ort; agus an bhfuil tú ag dul a rís ann?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:8
11 Tagairtí Cros  

agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.


Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.


Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.


Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d'éalaigh sé óna lámha.


Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.


Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”


Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.


Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí