Eoin 3:2 - An Bíobla Naofa 19812 Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 Tháinig sé chuig Íosa san oíche agus dúirt sé leis, “A Rabbí, aithnímid gur oide tú ó Dhia chugainn; mar ní fhéadfadh aon duine na comharthaí seo agat a dhéanamh, mura mbeadh Dia leis.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara2 Tháinic sé seo chuig Íosa san oidhche, agus dubhairt leis: A Rabbi, tá a fhios againn go dtáinic tú i do mhúinteoir ó Dhia, óir ní féidir d’aoinneach na míorbhailte seo a ghní tusa a dhéanamh, gan Dia a bheith leis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, agus a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía tháinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comharthuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maílle rís. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a Raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” Féach an chaibidil |
Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”