ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.
Matha 23:38 - An Bíobla Naofa 1981 Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Féach, is bánaithe tréigthe atá bhur dteachsa. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Féach, fágfar bhur dteach ina fhásach agaibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Féach, fágfar bhúr dteach ’n‐a uaigneas agaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, fágfuithear bhur dtigh agaibh na fhásach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach! |
ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.
Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad; go raibh crith cos is lámh orthu go brách.
Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.
“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.
Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”
“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;
Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”
“Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.
titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
“A bhfuil le feiceáil ansin agaibh - tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”