Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 titfidh siad le béal an chlaímh, agus déanfar braighdeanaigh díobh i measc na náisiún uile; agus cuirfear Iarúsailéim faoi chosa na nGintlithe go dtí go mbeidh ré na nGintlithe caite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus bhéarfar ina bhpríosúnaigh iad go dtí na h-uile chinidheacha, agus béidh Ierusalem dá saltairt faoi chosa na gcinidheach, go dtí go gcóimhlíonfar seala na gcinidheach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus tuitfid lé faobhar an chloidhimh, agus béarthar a mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: agus bhíadh Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineadhachaibh, nó go gcoimhlíontar aimsearacha na Geinidheach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim dá satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:24
16 Tagairtí Cros  

Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d'imíodar leo.


Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.


Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.


Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir, cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?


Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.


Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.


Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;


Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d'Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach


mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.


ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí