Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann mo chlúasuibh a dubhairt TIGHEARNA na slógh, go fírinneach béid móran tightheadh na bhfásach, tighthe móra agus bréagha gan áitreabhach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:9
14 Tagairtí Cros  

Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”


Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.


Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan.


An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.


Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: “Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,” a deir an Tiarna Dia na Slua.


óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.


Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.


Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.


Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.


Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é; buaileann sé agus déantar smionagar den teach mór agus titeann an teach beag as a chéile.


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach!


Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí