Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 5:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Fós, do bhéaruid deichnacra fíneamhna áoinmhiosúr amhain, agus síol homer do bhéara sé ephah úadh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:10
13 Tagairtí Cros  

Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.


i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.


Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin, arbh fhiú míle píosa airgid iad, ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.


Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.


Tá na síolta seargtha faoi na fóid agus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriosta mar gur mheath an t‑arbhar.


Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.


Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t‑ómar eorna.


Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”


Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.


Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.


Déanfaidh tú fíonghoirt a phlandáil agus a shaothrú, ach ní ólfaidh tú an fíon ná ní chruinneoidh tú na caora mar go n‑íosfaidh an chruimh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí