Íseáia 5:11 - An Bíobla Naofa 198111 Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu ó mhaidin moch ar an bpóit, agus a shuíonn déanach san oíche ag súmaireacht fíona. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 ¶ A mhairg don lucht éirghios go moch ar maidin, chor go leanfaidís ar dhigh láidir; noch fhanus go hoidhche; nó go lasann an fíon a stigh íad. Féach an chaibidil |
Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.