Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 5:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus a mbí an chláirseach, agus an bhiól, agus an tiompán, agus an píob agus an fíon, ar a bhféustuibh: ach ní mheasuid oibreacha an TIGHEARNA, agus ní fhaicid oibriughadh a lámh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:12
20 Tagairtí Cros  

Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.


Ach dúirt Bairzilí leis an rí: “An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí?


“D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú, “Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,


Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna agus saothar a lámh. Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.


Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”


Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.


Och, a Airéal, a Airéal, a chathair ba longfort do Dháiví. Cuir bliain i gceann bliana, tagadh na féilte thart ina gcúrsa;


Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”


“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”


Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.


“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.


Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;


Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí