Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Zacairia 11 - An Bíobla Naofa 1981


Na Cumhachtaí Móra

1 Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais.

2 Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.

3 Éist le holagón na n‑aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.


Fáthscéal na nAoirí

4 Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: “Beathaigh an tréad atá le marú.”

5 Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.

6 Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.

7 Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.

8 In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.

9 “Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”

10 Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.

11 Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.

12 Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.

13 “Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d'airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.

14 Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.

15 Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair.

16 Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.

17 Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí