Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”
Matha 2:20 - An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Éirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus gabh isteach i dtír Israéil: óir tá siad siúd marbh a bhí ag iarraidh bás an leinbh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun bháis táid siad tar éis bháis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.” |
Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”
Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.
Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”
Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”
Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt
Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael.