Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 16:3 - An Bíobla Naofa 1981

agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n‑aimsirí seo a bhreithniú?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar maidin: Béidh stoirm ann indiu, óir tá an spéar ghruamdha ag deargadh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar maidin, bíaidh drochaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargadh agus ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naier do bhreathnughadh; achd a né nach édir libh comharthuidhe na naimsearach do thuigsin?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú?

Féach an chaibidil



Matha 16:3
11 Tagairtí Cros  

de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh d'aonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí;


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:


Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.


A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.


“Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”


A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?


D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?


Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.