Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
Matha 11:24 - An Bíobla Naofa 1981 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag tír Shodoim ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas agat-sa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adeirim libh, gur saoráidighe do dhúthaigh Shodoim, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhuit‐se. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do dhúthaidh luchd Shodoim a ló a bhreitheamhnuis, ná dhuitsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodam lá an bhreithiúnais ná agat-sa.” |
Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi.
Dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus d'iníonacha.
Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.
Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse.
(“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)
Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”