Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 (“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada: dá bhárr sin is truimide an breitheamhnas a bhéarfar oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Is anáoibhínn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír ithtí tíghe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ar urnuighe: ar a shon so do geabhtháoi an breitheamhnus is truime.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 “Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:14
14 Tagairtí Cros  

Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.


Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?


Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.


Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?


iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”


ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.


an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”


Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,


Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.


A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.


Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!


Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí