Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.
Matha 11:14 - An Bíobla Naofa 1981 agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus más toil libh glacadh leis uaim, is é sin Elía a bhí le teacht. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus má’s toil libh a thuigsin, is é seo Elías a bhí le theacht. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus, má’s maith libh a ghlacadh, is é seo Élias atá le teacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé Elias é atá le teacht. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. |
Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin,
Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”
Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin
Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.