“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
Matha 11:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ó laethe Eoin Baiste go dtí anois tá foiréigean dá dhéanamh ar ríoghacht na bhflaitheas, agus is iad lucht fhoiréigin atá ghá fuadach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean dá dhéanamh ar Ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. |
“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin,
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.
“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.
Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,