Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Déanaigidh bhur ndícheall dul isteach ar an gheafta chumhang: óir deirim libh, go mbéidh mórán ag iarraidh dul isteach, agus ní bhéidh sé ar a gcumas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus adubhairt sé leo, Déanaidh dícheall ar dhul isteach an doras cumhang: óir adeirim libh gur ab iomdha duine bhéas ag iarraidh dul isteach, agus ní éireochaidh leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Déanuidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa doras chumhann: óir a deirim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a sdeach, agus nach búdh éidir leó:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:24
26 Tagairtí Cros  

Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.


Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.


Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.


Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.


Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo:


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’


Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).


Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”


Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.”


Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”


Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.


Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.


Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.


D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”


Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí