Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
Matha 11:10 - An Bíobla Naofa 1981 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach, a réiteos do shlí romhat.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ |
Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”
De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh: “Féach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar.
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”